22 Lá Náisiúnta Blitz na gClub Gaeltachta participants revealed

22 clubs and schools will take part in the Ladies Gaelic Football Association’s very first Lá Náisiúnta Blitz na gClub Gaeltachta, in association with championship sponsors TG4.

 

On Easter Monday next (April 2), Lá Náisiúnta Blitz na gClub Gaeltachta will see U12 girls from all over Ireland pit their wits against each other and mingle with some of Ladies Football’s leading stars.

 

Lá Náisiúnta Blitz na gClub Gaeltachta is part of the LGFA’s ongoing initiatives to celebrate Bliain na Gaeilge.

 

Details of TG4’s 2018 championship coverage, with 19 fixtures due for broadcast, were revealed recently, as the LGFA and TG4 also unveiled a logo bearing the words ‘Peil na mBan.’

 

Next Monday, clubs and schools from Donegal, Galway, Kerry, Dublin, Meath, Mayo, Kildare and Cork will get the chance to play on the hallowed Croke Park sod.

 

The LGFA’s official retail partner and National League sponsor Lidl will also provide lunches to the competing teams.

 

Lidl will also assist with the coordination of the day through the provision of mentor bibs and the presence of Lidl ambassadors.

 

LGFA CEO Helen O’Rourke commented: “As part of our ongoing efforts to mark Bliain na Gaeilge, we are gathering together 22 teams with Irish-speaking backgrounds.

 

“This is another exciting initiative for our Association and we are very much looking forward to welcoming these young players to Croke Park.

 

“For many, if not all, it will be their first time playing at the famous stadium and we may indeed see them grace Croke Park again in the years to come.

 

“I’d like to acknowledge the continued support of our championship sponsors, TG4, and wish the best of luck to each of the competing teams.

 

“I’d also like to credit the outstanding work carried out by members of the LGFA development team in the organisation of this special day.

 

“The ongoing celebrations of Bliain na Gaeilge are very important to us and this unique event at Croke Park will celebrate the Irish language through the medium of Ladies Gaelic Football.

 

“Our members can now also view our Official Guide ‘as gaeilge’ while the addition of ‘Peil na mBan’ to our existing logo has been warmly received on many levels.

 

“I hope that all mentors and players to enjoy this special day.”  

 

TG4 Head of Sport Rónán Ó Coistealbha commented: “TG4 are very proud to be associated with this initiative with the LGFA.

 

“2018 is Bliain na Gaeilge and next Monday is a fantastic opportunity for young girls representing Gaeltacht Clubs and schools from all over the country to grace the hallowed turf of Croke Park, speaking the Irish Language.

 

“We are proud of TG4’s sponsorship and broadcasting of Ladies Gaelic Football since 2001 and we have another exciting year ahead of us with the upcoming Lidl League Finals and the TG4 Championships.”

 

The clubs and schools taking part are as follows:

 

Scoil Uí Ghramhnaigh (Meath)

An Spidéal (Galway)

Naomh Anna (Galway)

Scoil Neasáin (Dublin)

Corca Dhuibhne (Kerry)

Achill (Mayo)

Gleann Fhinne (Donegal)

Carna (Galway)

Bearna (Galway)

Gaeilscoil Cill Dara (Kildare)

Tuar Mhic Éadaigh (Mayo)

Mícheál Breathnach (Galway)

Daingean Uí Chuis (Kerry)

Naomh Columba (Donegal)

Baile Chláir na Gaillimhe (Galway)

Gaelscoil Cholmcille (Dublin)

Grainne Mhaoile (Galway)

An Cheathrú Rua (Galway)

Naomh Abán (Cork)

Caisleán Ghriaire (Kerry)

Na Rosann (Donegal)

Annaghdown (Galway)

****

Glacfaidh 22 clubanna agus scoileanna páirt sa Chéad Lá Náisiúnta Blitz na gClubanna Gaeltachta a eagrófar i gcomhar le hurraitheoirí na sraithe, TG4.

 

Luan Cásca (an 2 Aibreán), tiocfaidh cailíní F12 ó fud fad na tíre le chéile Lá Náisiúnta Blitz na gClubanna Gaeltachta le haghaidh a thabhairt ar a chéile agus casadh le réaltaí Pheil na mBan. 

 

Is cuid d’imeachtaí leanúnacha LGFA chun Bliain na Gaeilge a cheiliúradh é Lá Náisiúnta Blitz na gClubanna Gaeltachta.

 

Fógraíodh sonraí faoin gclúdach a dhéanfaidh TG4 ar shraith 2018 le déanaí chomh maith le lógó nua an LGFA a bhfuil na focail ‘Peil na mBan’ air.

 

Dé Luain seo chugainn, beidh deis ag clubanna agus scoileanna as Tír Chonaill, Gaillimh, Ciarraí, Baile Átha Cliath, an Mhí, Maigh Eo, Cill Dara agus Corcaigh imirt ar thalamh naofa Pháirc an Chrócaigh.

 

Cuirfidh Lidl, páirtí oifigiúil miondíola an LGFA agus urraitheoir na Sraithe Náisiúnta, lón ar fáil do na foirne a bheidh san iomaíocht.

 

Cuideoidh Lidl freisin le himeachtaí a chomhordú ar an lá trí bhibeanna a chur ar fáil do mheantóirí agus ambasadóirí Lidl a bheidh ar an láthair. 

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach LGFA Helen O’Rourke: “Mar chuid den méid atá ar bun againn chun Bliain na Gaeilge a chomóradh, táimid ag tabhairt 22 fhoireann ó cheantair Ghaeltachta le chéile.

 

“Tionscnamh iontach eile é seo don Chumann agus táimid ag súil go mór fáilte a chur roimh na himreoirí óga seo go Páirc an Chrócaigh.

 

“Is é an chéad uair ag go leor díobh, nó iad ar fad, ag imirt sa staid mór le rá seo agus tá súil againn iad a fheiceáil ar ais arís ar Pháirc an Chrócaigh lá is faide anonn.

 

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don tacaíocht leanúnach a fhaighimid ó TG4, urraithaitheoirí na sraithe, agus guímid gach rath ar gach foireann a bheidh páirteach.

 

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don obair mhór atá déanta ag foireann forbartha an LGFA chun an ócáid seo a reáchtáil.

 

“Is mór againn an ceiliúradh leanúnach ar Bhliain na Gaeilge agus déanfaidh an ócáid ar leith seo ar Pháirc an Chrócaigh ceiliúradh ar an teanga trí Pheil na mBan.

 

“Tá teacht ag ár gcuid ball freisin anois ar an Treoir Oifigiúil i nGaeilge agus tá fáilte mhór curtha, ag gach leibhéal, roimh na focail ‘Peil na mBan’ sa lógó. 

 

“Tá súil agam go mbainfidh na meantóirí agus na himreoirí ar fad sult as an lá speisialta seo.”

 

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Is ábhar bróid do TG4 baint a bheith againn leis an tionscnamh seo i gcomhar leis an LGFA.  

 

“Is í 2018 Bliain na Gaeilge agus is deis iontach a bheidh sa Luan seo chugainn ag cailíní ó Chlubanna agus scoileanna Gaeltachta ar fud na tíre imirt ar thalamh naofa Pháirc an Chrócaigh agus sin a dhéanamh ina dteanga féin.”

 

“Is cúis bhróid do TG4 go bhfuil urraíocht déanta ag an stáisiún ar Pheil na mBan ó 2001 agus na cluichí a chraoladh agus tá bliain mhór eile romhainn de chluichí ceannais shraith Lidl agus Shraitheanna TG4.”

 

Is iad na clubanna agus scoileanna a bheidh páirteach:

 

Scoil Uí Ghramhnaigh (An Mhí)

An Spidéal (Gaillimh)

Naomh Anna (Gaillimh)

Scoil Neasáin (Baile Átha Cliath)

Corca Dhuibhne (Ciarraí)

Acaill (Maigh Eo)

Gleann Fhinne (Dún na nGall)

Carna (Gaillimh)

Bearna (Gaillimh)

Gaelscoil Chill Dara (Cill Dara)

Tuar Mhic Éadaigh (Maigh Eo)

Micheál Breathnach (Gaillimh)

Daingean Uí Chúis (Ciarraí)

Naomh Columba (Dún na nGall)

Baile Chláir na Gaillimhe (Gaillimh)

Gaelscoil Cholmcille (Baile Átha Cliath)

Gráinne Mhaol (Gaillimh)

An Cheathrú Rua (Gaillimh)

Naomh Abán (Corcaigh)

Caisleán Ghriaire (Ciarraí)

Na Rosann (Dún na nGall)

Eanach Dhúin (Gaillimh)

 

Sign up to our email newsletter

sponsors

Partners & Supporters

PROVINCES

Counties

BRITAIN

INTERNATIONAL

See all LGFAClubs