TG4 announce Media Partnership with 20x20

National Irish Language broadcaster TG4 is delighted to announce that it has come on board as a Media Partner for the 20×20 Women in Sport initiative.

 

The announcement was made live, during the broadcasting of the All Ireland Ladies Football Club Finals on TG4 this weekend.

 

TG4 are recognised as having supported women in sport for many years and have pioneered the broadcasting and helped increase the profile of womens sport since they were set up in 1996. This new media partnership will see TG4 consolidate this development, while increasing the visibility and coverage of womens sport at all levels of the stations output.

 

The 20×20 initiative is about creating a cultural shift in the perception of girls and women in sport. It seeks to change the subliminal bias in the Irish psyche that exists around girls and boys, or women and men, when it comes to sport.

 

Welcoming the new development, TG4 Head of SportRónán Ó Coisdealbha says:

 

TG4 are delighted to lend their support to the 20×20 campaign which is a fantastic initiative, presented by The Federation of Irish Sport. Our partnership with 20×20 will only serve to continue our committment to women in sport in an exciting sporting landscapeOur successful collaboration with the LGFA, as well as our coverage of women in other sports such as camogie, basketball, tennis, badminton. swimming, athletics and more, has been an integral part of our development policy. This year alone TG4 broadcast around 90 hours of womens’ sport reaching almost 1.2 million people, including live events, highlights, news reports and documentaries. We look forward to building on this strong foundation and to increase visibility and awareness across a range of sports on TG4 in the coming years.”

Mary O’Connor, CEO Federation of Irish Sport & Gráinne McElwain, Spórt TG4, at the announcement in Parnell Park.

 

Mary O’ConnorCEO Federation of Irish Sport has welcomed the announcement that TG4 are set to become a media partner for the 20×20 campaign.

 

“The Federation of Irish Sport are delighted to have the support of TG4 for the duration of the 20×20 campaign. TG4 have been dedicated supporters and promoters of sport in Ireland and have been particularly positive in their coverage of women’s sport. We are delighted to have them on board with 20×20 in what we know will be a hugely positive addition to the campaign. By joining us in helping to increase the visibility of women in sport over the next two years they are furthering their commitment to promoting women in sport which can only serve to strengthen the campaign moving forward”.

 

The 20×20 initiative has been devised by creative agency, Along Came a Spider. Speaking on the TG4 announcement Managing Director, Sarah Colgan says:

 

“TG4 are already known for giving a great platform to women’s sport and are very strong addition as an Official Media Partner of 20×20. As a broadcaster, the increased visibility they will being to female athletes, teams and competitions is hugely valuable and we are looking forward to working together over the lifetime of the initiative.”

 

The name of the initiative is shorthand for 20% by 2020, these are the targets that have been set by the campaign:

 

20% more media coverage of women in sport by the end of 2020

20% more female participation whether at player, coach, referee or administration level by the end of 2020

20% more attendance at women’s games and events by the end of 2020

 

20×20 isn’t a ‘women for women’ initiative, it’s ‘all of society for all of society’. The campaign utilises the tagline ‘If she can’t see it, She can’t be it’, ‘Mar a fheictear a dhéantar’.

 

For more information on the campaign go to: www.20×20.ie

 

Or, contact Sinead Conroy at sinead.conroy@irishsport.ie

 

É fógartha ag TG4 gurb é  Comhpháirtí Meán Cumarsáide 20×20 é

 

Tá ríméad ar TG4, an craoltóir náisiúnta Gaeilge, a fhógairt gurb é an stáisiún Comhpháirtí Meán Cumarsáide an tionscnaimh 20×20 Mná sa Spórt.

 

Rinneadh an fógra beo le linn Chluichí Craoibhe Pheil na mBan a bheith á gcraoladh ar TG4 ar an deireadh seachtaine.

 

Aithnítear TG4 leis an tacaíocht atá tugtha ag an gcainéal do mhná i spórt le blianta fada agus bhí sé i dtús cadhnaíochta i dtaobh spórt na mban a chraoladh agus próifíl spórt na mban a mhéadú ó bunaíodh an stáisiún i 1996. Déanfaidh an chomhpháirtíocht meán cumarsáide nua seo an dul chun cinn atá déanta ag TG4 ina leith sin a fhorbairt tuilleadh. Cuirfear leis an méid spóirt do mhná a bheidh le feiceáil ar an stáisiún agus á gclúdach i gcláir an stáisiúin.

 

Is éard atá i gceist leis an tionscnamh 20×20 ná athrú a thabhairt chun cinn sa meon atá ann i leith cailíní agus mná a bheith ag imirt spóirt. Féachtar leis an gclaontacht sin i sícé na hÉireann maidir le cailíní agus buachaillí, nó mná agus fir a athrú mar a bhaineann le spórt.

 

D’fháiltigh Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coistealbha, leis an bhforbairt agus dúirt:

 

“Tá ríméad ar TG4 tacú leis an bhfeachtas 20×20, tionscnamh iontach é arna reáchtáil ag Cónaidhm Spóirt na hÉireann. Leis an gcomhpháirtíocht seo le 20×20, leantar do thacaíocht an stáisiúin do mhná i spórt tráth a bhfuil tírdhreach iontach spóirt ann. Cuid thábhachtach dár mbeartas forbartha is ea an chomhpháirtíocht leis an LGFA, comhpháirtíocht a bhfuil ag éirí thar cionn léi,  chomh maith leis an gclúdach a dhéanann an stáisiún ar spóirt eile mar camógaíocht, cispheil, leadóg, badmantan, snámh, lúthchleasaíocht agus tuilleadh. Chraol TG490 n-uair an chloig de spórt na mban i mbliana ann féin chuig beagnach 1.2 milliún duine. Ina measc bhí imeachtaí beo, buaicphointí, tuairiscí nuachta agus cláir faisnéise. Táimid ag súil cur leis an mbonn láidir sin agus cur leis an méid a bheidh le feiceáil ar TG4 sna blianta atá romhainn chomh maith le feasacht ar spórt na mban a ardú”.

 

Chuir Mary O’Connor, Príomhfheidhmeannach Chónaidhm Spóirt na hÉireann fáilte roimh an bhfógra go bhfuil TG4 ar tí dul i mbun comhpháirtíochta leis an bhfeachtas 20×20.

 

“Tá Cónaidhm Spóirt na hÉireann thar a bheith sásta tacaíocht a bheith aici ó TG4 don chuid eile den fheachtas 20×20. Bhí TG4 dílis i gcónaí tacú le spórt in Éirinn agus é a chur chun cinn agus rinne an-obair i dtaobh an chlúdaigh a dhéantar ar spórt na mban.  Táimid thar a bheith sásta iad a bheith ar bord le 20×20, rud atá a fhios againn a chuirfidh go mór leis an bhfeachtas. Trí chuidiú linn cur le hinfheictheacht na mban i spórt sa dá bhliain atá ag teacht, tá siad ag treisiú tuilleadh a dtiomantais mná i spórt a chur chun cinn agus ní fhéadfadh sin ach an feachtas a neartú amach anseo”.

 

An ghníomhaireacht cruthaitheachta Along Came a Spider a cheap an tionscnamh 20×20. Maidir le fógra TG4, dúirt Sarah Colgan, an Stiúrthóir Bainistíochta,:

 

“Tá TG4 aitheanta cheana i dtaobh an ardáin iontaigh a thugann siad do spórt na mban agus cuirfidh an stáisiún go mór le 20×20 mar Chomhpháirtí Oifigiúil Meán Cumarsáide ag an tionscnamh. Mar chraoltóir, níl cur síos ar an tábhacht a bheidh leis an méadú a bheidh ar infheictheacht lúthchleasaithe, foirne agus comórtais na mban agus táimid ag súil oibriú in éineacht le TG4 fad a bheidh an tionscnamh ar bun.”

 

Is giorrúchán é ainm an tionscnaimh ar 20% faoin mbliain 2020. Sin iad na spriocanna atá leagtha amach ag an bhfeachtas:

 

Méadú 20% ar an gclúdach a dhéantar sna meáin ar mhná i spórt faoi dheireadh na bliana 2020

Méadú 20% ar rannpháirtíocht na mban i spórt faoi dheireadh na bliana 2020 cibé ag leibhéal imreora, cóitseála, réiteora nó riaracháin

Méadú 20% ar an tinreamh ag cluichí agus imeachtaí spóirt na mban faoi dheireadh na bliana 2020.

 

Ní tionscnamh é 20×20 atá ar bun ag ‘mná ar mhaithe le mná’ ach tionscnamh a bhfuil ‘an tsochaí uile ar mhaithe leis an uile dhuine sa tsochaí’. ‘Mar a fheictear a dhéantar’ mana an fheachtais.

 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhfeachtas téigh chuig: www.20×20.ie

 

Nó, déan teagmháil le Sinead Conroy ag sinead.conroy@irishsport.ie

 

Sign up to our email newsletter

sponsors

Partners & Supporters

PROVINCES

Counties

BRITAIN

INTERNATIONAL

See all LGFAClubs