TG4 and LGFA launch #TurnUpTurnOn campaign ahead of All-Ireland SFC semi-finals at Croke Park

TG4/LGFA PRESS RELEASE

TG4 AND LGFA LAUNCH #TURNUPTURNON CAMPAIGN AHEAD OF ALL-IRELAND SENIOR CHAMPIONSHIP SEMI-FINALS

THE LGFA and Championship sponsors TG4 are urging supporters of Ladies Gaelic Football – and potential new fans – to Turn Up at next Sunday’s Senior Championship semi-finals at Croke Park, or Turn On to watch the games on TG4.

For the very first time, Croke Park will host the TG4 All-Ireland Senior Championship semi-finals, and there’s a cracking double-bill in store at the famous venue.

At 2pm, Connacht rivals Galway and Mayo will lock horns in the quest for a Final spot at Croke Park on Sunday, September 15, before Dublin, the reigning TG4 All-Ireland Senior Champions, battle it out with Lidl National League Division 1 holders Cork.

Galway and Mayo renew acquaintances after a replay was required to separate the two teams in the Provincial Final, with Galway coming out on top.

Dublin and Cork meet for the first time since the Lidl NFL Division 1 semi-final at Nowlan Park, a classic tie that went to extra-time before Cork prevailed.

This is also a repeat meeting of the 2018 TG4 All-Ireland Senior Final, which was played out in front of a record 50,141 attendance at Croke Park.

If you can’t make it to the games on Sunday, the LGFA and TG4 are urging fans all over the country to Turn On TG4 and watch the matches LIVE on TV, as we launch the #TurnUpTurnOn campaign.

We’re asking pubs, clubs, restaurants, hotels, other local businesses and home-owners all over Ireland and abroad to Turn on TG4 and tune in to watch the cream of the crop battle it out for the two coveted Final slots on offer.

TG4’s coverage attracts a significant TV audience in Ireland and globally on the TG4 Player www.tg4.tv.

Speaking on behalf of TG4, Director General Alan Esslemont said: “I congratulate the LGFA for creating an historic first Croke Park showcase for this year’s semi-finals, which will give the players and teams a fitting stage for two matches are certain to be very strongly contested.

“TG4 puts women’s sport at the heart of our programming strategy and we are delighted to support the #TurnUpTurnOn campaign. 

“Growing both crowds and viewers for Ladies Gaelic Football puts a spotlight on Ireland’s most popular women’s sport but also blazes a trail where we hope that other Irish female athletes can follow.

“So please, Turn Up at Croke Park on Sunday or Turn On to TG4.  If you don’t you’ll have missed something very special indeed!”

Marie Hickey, President of the Ladies Gaelic Football Association, commented: “We are hugely enthused by the prospect of hosting our 2019 TG4 All-Ireland Senior Championship semi-finals at Croke Park.

“We had a record attendance for the 2018 Finals and we’re hoping for another bumper crowd as Galway, Mayo, Dublin and Cork prepare for their semi-finals.

“The prize on offer for the winners of these games is huge, as they will play at 4pm on Sunday, September 15, in the TG4 All-Ireland Senior Championship Final.

“We would love to see a huge attendance next Sunday and we want as many people as possible to Turn Up at Croke Park.

“However, if you can’t make it to the games, we would ask as many people as possible to Turn On TG4 and watch what should be two superb exhibitions of Ladies Gaelic Football.

“I am delighted to announce this #TurnUpTurnOn campaign and I’m also urging people all over Ireland, and abroad, to send us your pictures and videos of you watching the games, and to use the #TurnUpTurnOn hashtag.” 

Everybody who uses the #TurnUpTurnOn hashtag during the build-up to next Sunday’s games, and on matchday itself, will be entered into a draw to win tickets for the TG4 All-Ireland Senior Championship Finals on Sunday, September 15.

It doesn’t matter whether whether you’re planning to travel to Croke Park or watch on TV – you’re still eligible to enter by posting your pictures and messages with the #TurnUpTurnOn hashtag.

TG4 All-Ireland Ladies Senior Football Championship semi-finals

Sunday August 25

Galway v Mayo; Croke Park, 2pm (LIVE, TG4 https://bit.ly/2PRgom8)

Dublin v Cork; Croke Park, 3.45pm (LIVE, TG4 https://bit.ly/2PRgom8)

PREASRÁITEAS TG4/ LGFA

AN FEACHTAS #TURNUPTURNON SEOLTA AG TG4 AGUS AG AN LGFA IN AM DO CHLUICHÍ LEATHCHEANNAIS CHRAOBHCHOMÓRTAS SINSEAR NA hÉIREANN

Tá an LGFA agus TG4, urraitheoirí an Chraobhchomórtais, ag iarraidh lucht tacaíochta Pheil na mBan – chomh maith le lucht spéise nua – a ghríosadh le bheith I Láthair ag cluichí leathcheannais Chraobhchomórtas na Sinsear i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo chugainn, nó mura féidir a bheith i láthair a bheith Ag Féachaint ar na cluichí ar TG4. 

Den chéad uair riamh, beidh cluichí leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann TG4 ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, agus beidh dhá chluiche den scoth ar siúl san ionad mór le rá.

Tabharfaidh céilí comhraic móra Chonnacht, Gaillimh agus Maigh Eo, aghaidh ar a chéile ag an 2 pm chun áit a bhaint amach sa Chluiche Ceannais a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair, agus i ndiaidh an chluiche sin, beidh Áth Cliath, Curaidh reatha Sinsear na hÉireann TG4, le Corcaigh, seaimpíní reatha Roinn 1 i Sraith Náisiúnta Lidl.

Beidh Gaillimh le Maigh Eo arís cé nach bhfuil sé i bhfad ó thug an dá fhoireann aghaidh ar a chéile in athimirt Chluiche Ceannais na gCúigí. Bhí an lá le Gaillimh an uair sin.

Tabharfaidh Áth Cliath agus Corcaigh aghaidh ar a chéile arís den chéad uair ó imríodh cluiche leathcheannais Roinn 1 Shraith Náisiúnta Peile Lidl ar Pháirc Uí Nualláin. Bhí an dá fhoireann ar chomhscór ag lán-am ach fuair Corcaigh an ceann is fearr ar Áth Cliath i ndiaidh am breise.

Is iad an dá fhoireann chéanna a bhí i gCluiche Ceannais Sinsear na hÉireann TG4 2018 a imríodh os comhair an slua is mó riamh – 50,141 duine a bhí i bPáirc an Chrócaigh do chluichí ceannais Pheil na mBan.

Mura mbeidh tú ábalta a bheith i láthair ag na cluichí Dé Domhnaigh, tá an LGFA agus TG4 ag iarraidh ar an lucht tacaíochta ó cheann ceann na tíre TG4 a chasadh air agus féachaint ar na cluichí BEO ar an teilifís agus muid ag seoladh an fheachtais #TurnUpTurnOn.

Táimid ag iarraidh go gcasfaidh tithe tábhairne, cumainn, bialanna, óstáin, gnóthaí áitiúla eile chomh maith le húinéirí tí ar fud na hÉireann agus thar lear ar TG4, agus féachaint ar TG4, nuair a thabharfaidh na foirne den scoth seo aghaidh ar a chéile chun áit a bhaint amach sa Chluiche Ceannais.

Tarraingíonn clúdach TG4 lucht féachana suntasach in Éirinn agus ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 www.tg4.tv.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4, thar ceann TG4: “Déanaim comhghairdeas leis an LGFA as an ócáid stairiúil seo – cluichí leathcheannais na bliana seo a bheith á n-imirt den chéad uair ar Pháirc an Chrócaigh. Tabharfar ardán cuí anois do na himreoirí agus do na foirne  agus is cinnte go mbeidh iomaíocht mhór sa dá chluiche.

Tá spórt na mban i gcroílár straitéis clár TG4 agus tá ríméad orainn tacú leis an bhfeachtas #TurnUpTurnOn.  Trí chur le lucht tacaíochta agus lucht féachana Pheil na mBan, leagtar béim ar an spórt is mó a bhfuil tóir air in Éirinn do mhná agus tá súil againn go réiteoidh sin an bealach do lúthchleasaithe mná eile in Éirinn atá ag iarraidh amhlaidh a dhéanamh.

Mar sin bígí i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh nó bígí ag féachaint ar na cluichí ar TG4.  Caillfidh sibh ócáid thar a bheith speisialta mura ndéanfaidh sibh amhlaidh!”

Dúirt Marie Hickey, Uachtarán Chumann Pheil na mBan: “Táimid thar a bheith sásta go mbeidh cluichí ceannais Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann TG4 2019 ar siúl i bPáirc an Chrócaigh.

“Bhí an líon is mó daoine fós i láthair ag Cluichí Ceannais 2018 agus táimid ag súil le slua mór eile i mbliana nuair a bheidh Gaillimh, Maigh Eo, Áth Cliath agus Corcaigh ag fáil faoi réir dá gcuid cluichí leathcheannais.

“Tá go leor i gceist do bhuaiteoirí na gcluichí seo – deis dul chun páirce ag 4pm Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair i gCluiche Ceannais Sinsear na hÉireann TG4. 

“Ba bhreá linn slua mór a fheiceáil Dé Domhnaigh seo chugainn agus táimid ag iarraidh go dtiocfaidh an oiread daoine agus is féidir chuig Páirc an Chrócaigh.

“Ach mura mbeidh tú ábalta a bheith i láthair ag na cluichí, táimid ag iarraidh go gcasfaidh an oiread daoine agus is féidir ar TG4 le féachaint ar dhá chluiche den scoth de Pheil na mBan.

“Tá an-áthas orm an feachtas seo #TurnUpTurnOn a fhógairt agus táim ag moladh do dhaoine ar fud na hÉireann agus thar lear an haischlib #TurnUpTurnOn a úsáid ar a gcuid pictiúr agus físeán díobh féin agus iad ag faire ar na cluichí.”

Beidh deis ag gach duine a bhainfidh úsáid as an haischlib #TurnUpTurnOn sna laethanta roimh chluichí an Domhnaigh, agus ar an Domhnach freisin, ticéid chuig Cluichí Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear na hÉireann TG4 Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair a bhuachan.

Is cuma cibé má tá sé i gceist agat a bheith i bPáirc an Chrócaigh nó féachaint orthu ar an teilifís – beidh tú fós incháilithe le cur isteach ar an gcomórtas trí do chuid pictiúr agus teachtaireachtaí a chlibeáil leis an haischlib #TurnUpTurnOn.

Cluichí Leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear Pheil na mBan TG4

Dé Domhnaigh an 25 Lúnasa

Gaillimh v Maigh Eo; Páirc an Chrócaigh, 2pm (BEO, TG4 https://bit.ly/2PRgom8)

Áth Cliath v Corcaigh; Páirc an Chrócaigh, 3.45pm (BEO, TG4 https://bit.ly/2PRgom8)

Sign up to our email newsletter

sponsors

Partners & Supporters

PROVINCES

Counties

BRITAIN

INTERNATIONAL

See all LGFAClubs