Comórtas Peile na Gaeltachta 2014

Gaeltacht

 

Gach bliain tagann foirne ó na Gealtachtaí ar fud na tíre agus thar sáile le cheile le páirt a ghlacadh i gComórtas Peile na Gaeltachta. I mbliana is ar an mBaile Doite i Maigh Cuilinn a thugamar ár n-aghaidh.  Bhí an-deireadh seachtaine ann idir an ard chaighdean peile, comórtas an Cailín Gaelach chomh mailth le na himeachtai eile a bhí ar bun.  Don chéad bhliain bhí cuig chorn le buachaint idir sinsir agus sóisear sna fir agus mná chomh maith le corn idirmheánach na mban don chéad bhliain riamh.

Bhí sé fhoireann déag mná ag glacadh páirt sa gComórtas i mbliana, don chéad uair i stair an chomórtais bhí ocht bhfoireann as Gaillimh ag imirt faoi ainm a gclub fhéin.  Ba iad seo An Fhairche, Baile Chlár na Gaillimhe, Bearna, Naomh Anna Leitir Móir, Micheal Breathnach, An Cheathrú Rua, Na Piarsaigh agus Maigh Cuilinn.

Briseadh croí a bhí in ann do na foirne áitiúil sa ngrád sinsir, ba ag fhoirne Tír Chonaill a bhí a bua.  Thug An Tearmann an corn leo i gcluiche ceannais sinsir na mban théis iad an láimh in uachtar a fháil ar An Fhairche agus chuir Cill Chartha deireadh le iarrachtaí Micheal Breathnach i gcluiche ceannais na bhfear.

B’idir dhá fhoireann as Gaillimh a bhí an iomaíocht i gcluiche ceannais idirmheánach na mban.  B’iad mná Bhearna ba láidre ar an lá nuair a fuair siad an ceann is fearr ar mná Naomh Anna, chun an Corn Idirmheánach a cuireadh suas in ónóir Róisín Uí Shuilleabháin a thabhairt abhaile leo.

Ba é cluiche ceannais sóisear na mban idir Maigh Cuilinn agus An Cheathrú Rua a chuir tús le h-imeachtaí ar an Luan.  Bhí bua easca ag mná Maigh Cuilinn, níor scaoil siad An Cheathrú Rua isteach sa gcluiche ar chorr ar bith.  I gcluiche ceannais na bhfear bhuaigh Oileáin Árainn ar an Móin Dearg.

Bhí an-obair déanta ag Cumann Peile Maigh Cuilinn chun Comórtas na mBan a chur chun cinn.  Is iad Cumann Ard an Ratha a bheidh ag reachtáil an Comórtas an chéad bhliain eile agus guíonn muid gach rath orthu, tá súil againn go gcoinneoidh siad suas Comórtas na mBan.

 

Tuarascáil le Íde Nic Dhonncha – Oifigeach Gaeilge Cumann Peil na mBan Gaillimh

Bearna

 

Every year teams from the Gaeltachts around Ireland as well as from overseas come together to take part in Comórtas Peile na Gaeltachta.  This year it was in an Baile Dóite in Moycullen.  A great weekend was enjoyed by all between the high level of football displayed on the pitch, the Cailín Gealach competition and the other events that were on during the weekend.  There were five trophies up for grabs the men’s and ladies senior and junior competitions as well as a ladies intermediate trophy.

For the first time there were sixteen ladies teams taking part in the Comórtas, also for the first time eight teams from Galway were playing in their club colours, these were An Fhairche, Báile Chláir na Gaillimhe, Bearna, Naomh Anna Leitir Móir, Micheal Breathnach, An Cheathrú Rua, Na Piarsaigh and Moycullen.

There was heart break for Galway teams in the Senior competition in both codes as they were easily defeated by Donegal teams. An Tearmann beat An Fhairche in the Ladies Senior final.  While in the mens decider Cill Cartha proved too much for Micheal Breathnach.

It was two Galway teams that were to battle it out for the intermediate cup that was put up in memory of Róisín Ui Shuilleabháin.  The Bearna Ladies got the upper hand on Naomh Anna and are the first team to claim the Intermediate trophy.

It was the Ladies Junior Final that got the matches underway on the Monday.  Where Moycullen dominated the game form early on and had an easy victory over An Cheathrú Rua.  While in the mens decider Oileáin Árainn defeated Móin Dearg.

Moycullen had done a great job in promoting and running the ladies competition.  Ard an Ratha ar the hosts for Comórtas Peile na Gaeltachta 2015, we wish them the very best of luck with it and hope that they keep up the ladies competitions.

Bearna Captain

Report by Íde Nic Dhonncha – Oifigeach Gaeilge Cumann Peil na mBan Gaillimh

Sign up to our email newsletter

sponsors

Partners & Supporters

PROVINCES

Counties

BRITAIN

INTERNATIONAL

See all LGFAClubs