Irish

RÉAMHRÁ

Achoimre ar na rialacha imeartha a bhaineann le Peil Ghaelach na mBan atá sa leabhrán seo. Tá leagan iomlán de na rialacha sin ar fáil sa Treoraí Oifigiúil.

Is é cuspóir an leabhráin a chinntiú go mbeidh na rialacha ar eolas ag na himreoirí agus ag na hoifigigh go léir. Tá sé tábhachtach go gcinnteodh múinteoirí agus oiliúnaithe go bhfuil coíp den leabhrán seo ag a gcuid imreoirí ar fad. Cuirfidh sin leis an tuiscint atá acu ar an gcluiche agus cuideoidh sé leo glacadh le cinntí na n-oifigeach gan cur ina gcoinne.

Cuireann an leabhrán seo béim ar an tábhacht, dar leis an gCumann, a bhaineann le tuiscint níos fearr a bheith ar ár gcluiche.

PÁIRC IMEARTHA

1. Ó aois Faoi 14 ar aghaidh, imrítear Peil Ghaelach na mBan ar pháirc lánmhéide CLG. Is ceadaithe an pháirc a laghdú do ghrádanna Faoi 13 agus níos óige ná sin.

2. Do chomórtais a bhfuil níos lú ná 15 an taobh ar fhoirne, is ceadaithe don choiste eagair laghdú a dhéanamh ar thoisí na páirce, ar spás na scórála agus ar fhad ama an chluiche.

IMREOIR

1. Níor chóir d’imreoir atá ag iompar clainne, comhtholgtha etc. Peil Ghaelach na mBan a imirt. Ach sa chás go dtarlaíonn sin, is ar a priacal féin go hiomlán a dhéanann sí amhlaidh agus ní bheidh freagracht ar Chumann Peile Gael na mBan as aon ní a tharlóidh dá dhroim sin.

FEISTEAS IMREOIRÍ

 

1. Is é an feisteas imeartha do Pheil Ghaelach na mBan, geansaí spóirt, brístí gearra, stocaí agus bróga peile. Ní ceadaithe d’imreoirí seodra, ceangláin chluaise, fáisceáin ghruaige nó nithe eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis ghortaithe a chaitheamh agus iad i mbun imeartha.

2. Is ceadaithe fo-éadaí/brístí comhbhrú a chaitheamh ach ní ceadaithe go mbeadh siad níos faide ná na brístí imeartha.

3. Ón gcéad lá d’Eanáir 2014 Caithfidh gach imreoir faoi aois cosaint fiacal a chaitheamh a chomhuain a imríonn siad Peil Ghaelach na mBan nó sin comhairle a mhalartha curtha orthu i scríbhinn ag dochtúir nó fiaclóir.

FAD CLUICHÍ

1. 1 uair an chloig – 30 nóiméad i ngach leath, an fad a bheidh i gCluichí Comórtais ó aois F 14 ar aghaidh agus an aois sin san áireamh.

2. Níl Comórtas Blitz ná 7 an Taobh san áireamh – is iad an Coiste Eagair a shocróidh a bhfad siúd.

3. Is ceadaithe don Choiste Eagair laghdú a dhéanamh ar fhad chluichí F 13 agus níos óige ná sin, de réir mar is toil leo.

FOIRNE

1. 15 imreoir an taobh a bheidh ar fhoirne mura socróidh an coiste eagair a mhalairt.

2. Ceadófar sos 15 nóiméad ach gan a dhul thairis sin ag leath ama i ngnáth am agus 5 nóiméad ag leath ama in am breise.

3. Ní foláir dhá chóip de liosta na n-imreoirí, ar a bhfuil ainmneacha iomlána agus i gcás chluichí idir chontae ainmneacha na gclubanna lena mbaineann na himreoirí, a thabhairt don réiteoir sula dtosóidh an cluiche.

4. Tá cúigear ionadaithe ceadaithe i gComórtais Chúige agus Náisiúnta, Cluichí Ceathrúcheannais , Leathcheannais agus Ceannais na Sraithchomórtas Náisiúnta san áireamh. I mbabhtaí eile na Sraithchomórtas, níl aon teora le líon na n-ionadaithe.

Is ceadaithe líon na n-ionadaithe a mhéadú i gcluichí a imrítear faoi dhlínse Choiste an Chontae.

5. Liathróid Peile Uimhir 4 a úsáidtear i ngach comórtas ó F 11 ar aghaidh. Is ceadaithe ceann níos lú, Uimhir 3, a úsáid do ghrúpaí níos óige.

6. Ní foláir go bhfeagródh am uimhir a bhíonn ar gheansaí imreora le ainm an imreora sin.

7. San áit a mbíonn níos mó ná 15 ainm ar liostaí foirne, glacfar leis, mura bhfuil a mhalairt tugtha le fios go soiléir, gur iad an cúigear déag is túisce atá ainmnithe an fhoireann.

8. Tá sé d’iallach ar Chumainn, Contae nó Cúigí liostaí foirne den chéad chúig imreoir déag a sholáthar má éilítear sin ar shon a fhoilsithe.

IONADAITHE & AM BREISE

1. I gComórtais Chúige agus Náisiúnta, seachas na babhtaí a imrítear roimh Chluichí Ceathrúcheannais na Sraithe Náisiúnta, is ceadaithe 5 ionadaithe a thabhairt chun páirce le linn na tréimhse gnáthimeartha. Tá 5 ionadaithe sa bhreis ar sin ceadaithe sa chás go mbíonn Am Breisei gceist – 10 nóiméad an taobh. Sa chás go mbíonn gá leis an Dara Tréimhse de Am Breise, is ceadaithe 5 ionadaithe eile a thabhairt chun páirce.

2. Is ceadaithe do Choiste Contae socrú a dhéanamh faoi líon na n-ionadaithe atá ceadaithe i gcluichí a imrítear ag leibhéal club laistigh den chontae. Ag an am céanna ní ceadaithe go mbeadh an uimhir sin faoi bhun 5.

3. Is ceadaithe Ionadaí a chur isteach in Am Breise in áit imreora a cuireadh den pháirc le linn Gnáth Ama de bharr ciona Cárta Dearg. Is ceadaithe Ionadaí a chur isteach sa dara leath de Am Breise in áit imreora a cuireadh den pháirc sa chéad eath den Am Breise sin.

4. Nuair a bhíonn am breise á imirt i gcluiche, is ceadaithe ionadaí a chur isteach in áit imreora a cuireadh sa Loca Pionóis le linn gnáth ama de bharr ciona a bhain leis an gCéad Chárta Buí go mbeidh na deich nóiméad curtha isteach ag an imreoir sa Loca Pionóis. Sa chás go bhfillfidh imreoir an Loca Pionóis ar an imirt agus an t-am istigh aici agus gur cuireadh ionadaí isteach ina háit le linn an Ama Bhreise, measfar go bhfuil an Dara Ionadaí úsáidte ag a foireann.

In am breise, is ceadaithe ionadaí a chur chun páirce in áit Imreora a díbríodh de bharr 2 cionta Cárta Buí le linn Gnáth Ama.

RIAIL FOLA

1. Ní foláir d’imreoir atá ag cur fola, a bhfuil fuil ar a colainn nó ar a feisteas imeartha de bharr gortaithe a bhain di san imirt, an pháirc a fhágáil lom láithreach ar threoir an réiteora ionnas go gcuirfear cóir leighis uirthi.

Ní bheidh cead ar ais ar pháirc na himeartha aici go mbeidh deireadh leis an bhfuiliú, an fhuil glanta agus an feisteas smálta glanta nó athraithe.

2. Ba chóir an áit a bhfuil an gortú a chlúdach más féidir. Is ceadaithe Ionadaí Fola a thabhairt chun páirce in áit an imreora atá gortaithe. Tabharfaidh sise fógra i scríbhinn don réiteoir gur Ionadaí Fola atá inti.

3. Ní áireofar an tIonadaí Fola mar ionadaí a cheadaítear chun páirce faoi na gnáthrialacha-ionadaíochta nuair a thagann, nó má thagann an t-imreoir gortaithe ar ais chun páirce mar Ionadaí Direach ar an imreoir a ghlac a háít.

4. Nuair a thagann an t-imreoir gortaithe ar ais chun páirce mar ionadaí do aon imreoir eile, ach amháin an tIonadaí Fola a ghlac a háit féin, measfar gur úsáid a foireann Gnáth Ionadaí.

5. Nuair a chuirtear Ionadaí Fola den pháirc, ní foláir dá foireann imreoir éigin eile a thógáil amach más futhu an chéad imreoir a thabhairt ar ais chun páirce. NÍ mheasfar sin mar Ghnáth Ionadaí.

6. Sa chás go bhfuil na Gnáth Ionádaithe ar fad atá ceadaithe dóibh úsáidte ag foireann le linn Gnáth Ama nó Ama Breise agus go mbaineann gortú fola d’imreoir, is ceadaithe Ionadaí Fola a chur isteach ina háit.

7. Nuair a bhíonn imreoir ar bhain gortú fola di ullamh chun imeartha athuair, cuirfidh sí í féin i láthair an réiteora ag am a mbeidh briseadh san imirt. Ní foláir don réiteoir a chinntiú go bhfuil deireadh leis an bhfuiliú, go bhfuil an feisteas glanta nó athraithe agus go bhfuil an pháirc fágtha ag an Ionadaí Fola. Sa chás go mbíonn athrú uimhreach ar an ngeansaí atá anois á chaitheamh ag an imreoir a bhí gortaithe, ní foláir don réiteoir nóta a dhéanamh don uimhir nua.

RIALACHA IMEARTHA

1. Is ceadithe d’imreoir an liathróid a phiocadh den talamh lena ladhar, le lámh amháin nó leis an dá lámh, ar choinníoll go mbíonn sí ina seasamh.

2. Agus í ar an talamh, is ceadaithe d’imreoir an liathróid a imirt uaithi, ach ní ceadaithe di seilbh na liathróide a ghlacadh.

3. Nuair a déantar greamú ar an liathróid, is ceadaithe í a chiceáil, í a bhualadh leis an dorn dúnta nó leis an lámh oscailte, í a phreabadh aon uair amháin le lámh amháin nó leis an dá lámh, nó buille ó chos go lámh a ghlacadh.

4. níos mó ná uair amháin le lámh amháin nó leis an dá lámh.

5. Is ceadaithe d’imreoir an liathróid a aistriú ó lámh go lámh aon uair amháin, ar choinníoll go bhfanann an lámh a cheap an liathróid ar dtús i dteagmháil leis an liathróid go mbíonn an t-aistriú déanta.

6. Ní ceadaithe d’imreoir an liathróid a chiceáil nuair atá céile comhraic faoi réir leis an liathróid a phiocadh nó a ghlacadh ina seilbh.

7. Ní cheadmhach an liathróid a choinneáil i seilbh níos faide ná is gá chun bogadh ceithre choischéim agus an liathróid a bhualadh ar an gcúigiú choischéim.

8. Ní ceadaithe d’imreoir an liathróid a chaitheamh.

9. Ní ceadaítear teagmháil coirp d’aon ghnó, ach is ceadmhach (a) stalcaireacht a dhéanamh ar chéile comhraic, (b) gabháil san aer, (c) cosc a dhéanamh ar chéile comhraic a bheadh ag iarradh an liathróid a sheachadadh.

10. Níl guailleáil ceadaithe.

11. Nuair a stopann réiteoir an imirt chun go gcuirfí cóir leighis ar imreoir(í), coinneoidh an fhoireann a bhí i seilbh na liathróide nuair a stop an réiteoir an imirt seilbh na liathróide ar ath- thosaí. Is le cic den liathróid a dhéanfaidh an fhoireann a raibh an tseilbh aici an imirt a chur sa tsiúl athuair.gcic ath-thosaithe sin agus ní foláir do na himreoirí eile ar fad a bheith 13m ón liathróid nuair a ath-thosaíonn an imirt.

Sa chás nach mbíonn ceachtar foireann i seilbh na liathróide ag an tráth ar stop an réiteoir an imirt, is amhlaidh a chaithfear isteach an liathróid idir imreoir as an dá fhoireann chun tús a chur leis an imirt arís.

12. Nuair a bhíonn imreoir ag tabhairt pas-láimhe, ní mór go mbeidh sé le feiceáil gur bhuail an lámh-phasála an liathróid.

13. Ní feall an Liathróid a Thaispeáint nó Casadh Faoi Dhó ar choinníoll nach ndéantar sárú ar riail na 4 chéim.

14. Is ceadaithe d’imreoir an liathróid a chaitheamh san aer lena lámh agus í a imirt leis an lámh chéanna.

15. Ní ceadaithe d’imreoirí Faoi Aois Idirchontae ach imirt ina n-aois-ghrúpa féin agus sa ngrád os a chionn sin (e.g. is ceadaithe d’imreoir Faoi 14 imirt i F/14 agus F/16 ach ní ceadaithe di imirt i F/17 nó níos sine ná sin. Ní ceadaithe d’imreoir Faoi 15 nó Faoi 16 imirt i ngrádanna na Sóisear, Idirmheánach ná Sinsear).

16. Ní foláir don Chlubanna, do Chontaetha agus do Chúigí liosta den chúigear déag imreoir atá acu, maraon leis na hionadaithe, a chur ar fáil don Choiste nó don Chomhairle Eagair sa chás go dteastaíonn sin do fhoilseachán.

Ní ghlacfar le A.N. Other mar bhall imeartha agus ní ceadaithe an téarma a úsáid ar an liosta foirne ná ar an bpainéal imreoirí. Gearrfar fíneáil a shoróidh an Coiste nó an Chomhairle Eagair as a leithéid a dhéanamh.

AN GREAMÚ

1. Ni féidir seilbh na liathróide a bhaint go dleathach d’imreoir agus í faoi ghreim aici isteach lena colainn. Cic saor don imreoir agus dá foireann a leanfaidh aon iarracht sin a dhéanamh.

2. Nuair a thugtar faoi ghreamú a dhéanamh ar imreoir d’fhonn seilbh na liathróide a bhaint di, ní mór sin a dhéanamh nuair a bhíonn an t-imreoir sin ag bualadh na liathróide ó chos go lámh, á preabadh, á ciceáil nó á pasáil. Ní ceadaítear an liathróid a bhualadh amach as lámha an chéile comhraic ach amháin le smitín de lámh(a) oscailte.

RIAIL NA BUNTÁISTE

1. Tá Riail na Buntáiste i bhfeidhm i bPeil Ghaelach na mBan. Ag an am céanna ní hé an toradh a bheidh ar sin nach ngearrfar pionós ar fheallanna. Agus Riail na Buntáiste curtha i bhfeidhm, gearrfar pé gníomh smachta atá oiriúnach ar an gciontóir.

2. Nuair a chuireatar Riail na Buntáiste i bhfeidhm, ba chóir go mbeadh an t-imreoir atá i seilbh na liathróide saor agus ar a cumas úsáid a bhaint as an mbuntáiste .i.e. Ní foláir go mbeadh Buntáiste follasach i gceist.

TÚS NA hIMEARTHA

Le séideadh na feadóige agus le caitheamh na liathróide in airde idir beirt imreoir ón dá fhoireann tosaíonn an réiteoir an cluiche. Tá sé d’iallach ar na himreoirí eile fanacht taobh thiar den líne 45m ina n-ionaid cosanta agus tosaí.

LIATHRÓID SAN IMIRT

1. Bíonn an liathróid san imirt a luaithe agus a chaitear in airde í, nó a luaithe agus a dhéantar í a chiceáil tar éis don réiteoir an comhartha a thabhairt go bhfuil an imirt tosaithe.

2. Bíonn an liathróid san imirt go mbíonn iomlán na liathróide imithe thar líne an chúil, thar an gcúl-líne, nó thar an taobhlíne, nó go bhfógraíonn an réiteoir stopadh san imirt.

3. Má bhuaileann an liathróid faoin réiteoir le linn gnáthimeartha, ní foláir an liathróid a chaitheamh in airde. Nuair a léiríonn an réiteoir gurbh é cic deiridh na leatha é an Saorchic ní féidir scór a chur amach ach nuair a scóráltar go díreach é ón Saorchic nó dá scinnfeadh an liathróid faoin trasnán nó ós a chionn de dhuine d’imreoirí an fhoireann chosanta.

4. Nuair a léiríonn an réiteoir gurbh é cic deiridh na leatha é an Saorchic ní féidir scór a chur amach ach nuair a scóráltar go díreach é ón Saorchic nó dá scinnfeadh an liathróid faoin trasnán nó ós a chionn de dhuine d’imreoirí an fhoireann chosanta.

5. I gcás go dtrasnaíonn an liathróid an cúl-líne agus gur amhlaidh gur theangaigh imreoir as an dá fhoireann leí ag an am chéanna sular thrasnaigh sí an líne, measfar gur ar fóraoil a chuaigh sí.

LIATHRÓID AS AN IMIRT

1. Bíonn an liathróid as an imirt nuair a bhíonn iomlán na liathróide imithe thar línte teorann pháirce na himeartha.

2. Má bhuaileann an liathróid faoi aon cheann de na bratacha, measfar í a bheith imithe as an imirt . Má bhuaileann an liathróid faoi bhratach cúinne nó faoi bhratach taobhlíne, is cic taobhlíne a leanfaidh

SCÓRANNA

1. Tagann scór as cic, as smitín, dorn nó bos na láimhe a thabhairt don liathróid nó as aon pháirt den cholainn bualadh fúithi, ach amháin sa chás gur iompair nó gur chaith an fhoireann atá ar an ionsaí an liathróid thar an líne.

2. Ní cheadaítear cúl má bhuailtear an liathróid díreach trasna líne an chúíl as na lámha le dorn nó le bos na láimhe.

3. Is ceadaithe do aon imreoir atá i seilbh na liathróide agus a thiteann nó a leagtar chun talún an liathróid a bhualadh chun bealaigh ar an talamh lena dorn nó le bos a láimhe agus is ceadaithe di scór a aimsiú dá bharr sin.

4. Sa chás go n-imríonn cosantóir an liathróid trína spás scórála féin ar aon bhealach, measfar sin mar scór.

5. Ní cheadaítear cúl nuair a iompraíonn imreoir agus í ar an ionsaí an liathróid thar líne an chúil.

6. Nuair a bhuaileann an liathróid an cuaille nó an trasnán agus nuair a phreabann sí ar ais ar pháirc na himeartha, tá an liathróid san imirt i gconaí.

7. Sa chás go mbíonn Ionsaitheoir laistigh den ‘chearnóg bheag’ agus go dtéann an liathróid thar an trasnán, ceadófar an cúilín ar choinníoll nach raibh an tIonsaitheoir ag cur isteach ar na Cosantóirí agus go raibh an liathróid lasmuigh de shroicheadh gach imreoir.

8. Sa chás gur os cionn an chuaille a théann an liathróid, ní cheadaítear cúilín – ní mór do iomlán na liathróide a bheith idir na postaí.

LOCA PIONÓIS

Beidh riail an ‘Loca Pionóis’ i bhfeidhm i ngach grád ó Faoi 14 ar aghaidh.

Nuair a dhéanann imreoir Cion Cárta Buí don chéad uair, ní foláir a hainm a ghlacadh agus í a dhíbirt as Páirc na hImeartha ar feadh 10 nóiméad Ama Imeartha (Loca Pionóis) i gcluichí a mhaireann 1 uair an chloig nó níos mó ná sin. Is ceadaithe di fanacht i gcuideachta ionadaithe a foirne.

 

I gcluichí ina mbíonn níos lú ná 30 nóiméad i ngach leath ó Faoi 14 suas, díbreofar chuig an Loca Pionóis í ar feadh 5 nóiméad Ama Imeartha. Sa chás go mbíonn gá le Am- Breise ina leithéid de chluiche a fhágfaidh níos mó ná 1 uair an chloig i gceist, is tréimhse 5 nóiméad a bheidh i gceist sa Loca Pionóis ar mhaithe le éascaíocht feidhme.

Is ceadaithe di a dhul ar ais i mbun imeartha nuair a bhíonn an tréimhse 5 nó 10 nóimead Am Imeartha istigh archoinníoll go mbeidh cead an réiteora nó an oifigigh ceaptha faighte aici.

FEALLANNA

Is í an Intinn a bhíonn ag an imreoir an tslat -tomhais chriticiúil agus measúnú á ndéanamh ar an trí chatagóir feallanna: i.e. Gnáth-Fheallanna; Feallanna Cárta Buí agus Feallanna Cárta Dearg.

Feallanna Cárta Dearg

1. Is é an pionós a bhaineann leis na feallanna seo a leanas ná cic saor a thabhairt don fhreasúra, cárta dearg a thaispeáint don chiontóir agus í a dhíbirt den pháirc.

(a) Céile comhraic nó comrádaí imeartha a bhualadh le lámh, géag. uillinn, cloigeann nó glúin.

(b) Céile comhraic nó comrádaí imeartha a chiceáil.

(c) Oifigeach cluiche a bhualadh nó cuir isteach orthu.

 

(d) Ruathar a thabhairt de bhun tola faoi chéile comhraic nó faoi chomrádaí imeartha.

(e) Greamú Ard de bhun tola.

(f) Ruathar as a tosach a thabhairt de bhun tola ar chéile comhraic, ar chomrádaí imeartha nó ar oifigeach.

(g) Seile a chaitheamh le céile comhraic nó le comrádaí imeartha.

(h) Gruaig céile comhraic nó comrádaí imeartha a tharraingt de bhun tola.

(i) Greim fiacaile a bhaint as céile comhraic.

(j) Satailt a dhéanamh ar chéile comhraic nó ar chomrádaí imeartha.

(k) Caint nó gothaí ciníocha i leith céile comhraic, comrádaí imeartha, feidhmeannach foirne, oifigeach cluiche nó duine den lucht féachana.

(l) Gríosadh a dhéanamh ar chomrádaithe imeartha nó ar chéilí comhraic chun tús a chur le gráscar ar pháirc na himeartha nó a bheith páirteach ina leithéid.

(m) Caint bhagartha nó mhaslach le hoifigeach cluiche.

Feallanna Cárta Buí – Loca Pionóis

2. Is é an pionós a bhaineann leis na feallanna seo a leanas ná cic saor a thabhairt don fhreasúra, ainm an chiontóra a ghlacadh, Cárta Buí a thaispeáint di agus í a dhíbirt de

 

Pháirc na hImeartha (Loca Pionóis) i ngrádanna ó Faoi 14 suas, an grád sin san áireamh.

Ar ath- fhilleadh di, má dhéanann sí aon cheann de na Cionta ar údar Rabhaidh iad, taispeáinfear an Cárta Buí di don dara huair agus ansin an Cárta Dearg agus Díbreofar de Pháirc na hImeartha í ar feadh an achair atá fanta sa chluiche, Am Breise san áireamh sa chás go n-imrítear sin.

Ní bheidh feidhm leis an Loca Pionóis in aon chomórtas sa Ghrád Faoi 13 ná níos óige ná sin.

I gcomórtais Faoi 13 agus níos óige ná sin, taispeáinfear an Cárta Buí don imreoir agus má dhéanann sí Cion eile ar údar Rabhaidh é, taispeáinfear an Cárta Buí di an dara huair agus ansin an Cárta Dearg agus Díbreofar de pháirc na himeartha í ar feadh an achair atá fanta sa chluiche, Am Breise san áireamh, sa chás go n-imrítear sin.

(a) Céile comhraic a Tharraingt chun Talún de bhun tola, cor coise nó láimhe.

(b) Caint nó gothaí bhagartha nó mhaslach le céile comhraic nó le comrádaí imeartha.

(c) Céile comhraic a bhlocáil leis an mbróg, nó iarradh ar sin a dhéanamh agus ise ar tigh an liathróid a chiceáil as a lámha.

(d) Gleic Shleamhnach leis an mbróg.

(e) An liathróid a chiceáil de bhun tola agus céile comhraic faoi réir lena piocadh den talamh.

 

(f) Iarracht ar chéile comhraic a bhualadh nó a chiceáíl .

(g) Ag déanamh teangmháil doirn le corp imreora comhairce d’fhonn dí-sealbhú liathróide a dhéanamh uirthi.

(h) I mbun Feallanna go Leanúnach.

(J) Ag ligean gortú bréige uirthi féin nó dá caitheamh féin ar an talamh le saorchic/cic píonóise a ghnothú nó le bóthar agus bata a thabhairt d’imreoir comhairce nó rabhadh a thabhairt di.

3. Is é an pionós a bhaineann leis na feallanna seo a leanas ná cic saor a thabhairt don fhreasúra. Cion Cárta Buí an toradh a bheidh ar na feallanna seo a dhéanamh go leanúnach agus gearrfar na pionóis atá leagtha amach in Uimh. 2 thuas.

(a) Céile comhraic a bhrú nó a choineáil i ngreim.

(b) Ag déanamh teangmháil láimhe le colainn imreora comhairce d’fhonn dí-shealbhú na liathróide.

(c) Greamú ón Tríú Imreoir, bac colainne ar chéile comhraic san áireamh.

(d) Bac a chur ar chéile comhraic.

(e) Titim d’aonturas ar an liathróid agus imreoir eile ar tí í a phiocadh den talamh.

(f) An cic amach a mhoilliú de bhun tola.

 

(g) Diúltú cúlú de bhun tola agus an fhreasúra ullamh chun cic saor tapa a ghlacadh.

(h) Ciceáil na liathróide chun bealaigh nuair a thugtar cic saor i gcoinne na foirne atá ina seilbh.

(i) Gan a bheith sásta an liathróid a thabhairt don fhreasúra nuair a thugtar cic saor i gcoinne an té atá ina seilbh.

(j) Caint mhíchuí nó gháirsiúil a úsáid.

(k) Cur isteach ar thógálaí cic saor trí a bheith ag léim, ag croitheadh lámha nó ag bualadh bos, nó cur isteach fisiciúil nó béil ar bith eile ar mhaithe le cur as don té atá ag iarradh an cic saor a ghlacadh.

Sa chás go dtarlaíonn sin agus cic saor 13 méadar ceadaithe don fhoireann ionsaithe os comhair cúil a gcéilí comhraic, dámhfar cic-pionóis. Is ceadaithe d’imreoir a lámha a choineáil crochta in airde.

(l) An t-imreoir atá i seilbh na liathróide a bheith ag cur a huillinn roimpi.

(m) Ag brú imreora sa chliabhrach.

(n) Bualadh anuas ar ghéaga chéile comhraic.

(o) Imreoirí a shaighdeadh nó imeaglú a dhéanamh orthu le gníomharta ficisiúla nó le caint.

(p) Cosc a chur ar imreoir atá ag déanamh iarrachta éirí den talamh.

 

(q) Geansaí céile comhraic a tharraingt.

4. Feallanna teicniúla

(a) Seilbh na liathróide a choineáil rófhada. (b) An liathróid a chaitheamh.

(c) Luí ar an liathróid.

(d) An liathróid a phiocadh den talamh agus gan an t-imreoir a bheith Ina Seasamh.

(e) Seilbh na liathróide a ghlacadh agus an t-imreoir féin ar an talamh.

(f) Athrú na liathróide ó lámh go lámh níos mó ná aon uair amháin.

(g) Preabadh na liathróide níos mó ná aon uair amháin tar éis Seilbh a ghlacadh uirthi.

(h) Pas láimhe agus gan é a bheith le feiceáil gur bhuail an lámh-phasála an liathróid.

(i) Bualadh na liathróide in airde leis an Dorn nó le Pas Láimhe agus breith arís uirthi sula ndéanann sí teangmháil leis an talamh nó le imreoir eile.

CICEANNA SAORA

1. Cic Saor a leanann sárú a dhéanamh ar an fhormhór na rialacha. Eisceacht – is amhlaidh a dhéantar an liathróid a chaitheamh in airde i gcás: frithbheart díoltais, imreoir as an dá thaobh ciontach as feall ag an am céanna, cic saor a bhualadh go tapa faoi chéile comhraic de bhun tola, agus sárú leanúnach ar rialacha ciceanna saora atá ceadaithe.

2. A luaithe agus a fhógraíonnn feadóg an réiteoira cic saor, is ceadaithe an liathróid a chiceáil as an lámh nó den talamh as an áit atá curtha in iúl ag an réiteoir. Ag an am céanna is deachleachtas saoirse cúpla méadar a cheadú ar mhaithe leis an gcic saor a ghlacadh to tapa, sa chás gur chabhair sin chun sárú a dhéanamh ar an meoin go bhfuil buntáiste le baint as feallanna. Má ghlactar cic saor as an áit mhícheart, ba chóir é a ghlacadh arís as an áit atá curtha in iúl ag an réiteoir. Má sháraítear an riail seo go leanúnach, deanfar an cic saor a chealú agus caithfear an liathróid in airde idir imreoir as an dá thaobh. Ní foláir na himreoirí eile ar fad a bheith 13m ón gCaitheamh Isteach.

3. Sa Ghád Faoi 14 agus níos óige ná sin, is ceadaithe ciceanna saora 45m a ghlacadh as na lámha nó den talamh. Ní foláir iad a ghlacadh den talamh sa Ghrád Faoi 15 agus níos sine ná sin.

4. Tá de rogha ag imreoir gach cic saor a ghlacadh as na lámha nó den talamh.

5. Ní foláir Ciceanna Pionóis a ghlacadh den talamh i ngach grád i gcomórtais.

6. Ní foláir go mbeadh an liathróid ina stad sula nglactar cic saor, cic taobhlíne agus cic saor 45m den talamh agus mura bhfuil sin amhlaidh ní foláir an cic a ghlacadh arís. Má sháraítear an Riail seo go leanúnach, déanfar an cic saor a chealú agus Caithfear Isteach an liathróid d’fhonn tús a chur leis an imirt athuair.

7. Nuair a dhéantar feall is ceadaithe don réiteoir ligean don imirt gluaiseacht ar aghaidh má measann sé/sí gur bhuntáiste sin don fhoireann ar déanadh an feall uirthi. A luaithe agus a cheadaíonn an réiteoir don imirt gluaiseacht ar aghaidh ní ceadaithe dó/di cic saor a bhronnadh as an bhfeall sin.

8. Ar mhaithe le leanúnachas na himeartha, is ceadaithe gach cic saor, ach amháin ciceanna pionóis agus ciceanna saora ón líne 13m, a ghlacadh ar an toirt ón spota atá curtha in iúl ag an réiteoir. Má thograíonn an réiteoir é d’fhéadfadh sé buntáiste 4 mhéadar a bhronnadh le cic saor tapaigh a thógáil.

9. Ní mór d’imreoirí an fhreasúra a bheith 13m ón liathróid agus cic saor á ghlacadh.

10. Sa chás go mbuaileann imreoir cic saor faoi chéile comhraic de bhun tola ar mhaithe le buntáiste a bhaint amach, cealófar an cic saor agus caithfear an liathróid in airde idir imeoir as an dá fhoireann.gaire ná 13m agus cic saor, cic taobhlíne, nó cic 45m á ghlacadh, nó má thugtar ruathar mídhleathach faoi chic saor, dámhfar cic saor dá céilí comhraic ón áit a raibh sí ina seasamh nó ón áit ar thug sí an ruathar mídhleathach.

12. Sa chás go bhfuil cic saor tugtha agus go ndéanann imreoir pasáil ar an gcic sin chuig comrádaí imeartha nach bhfuil 13m uaithi, dámhfar cic saor ar an bhfreasúra ón áit a raibh an faighteoir ina seasamh.

13. Ní ceadaithe do imreoir a ghlacann cic saor an liathróid a imirt arís go dteagmhaíonn an liathróid le imreoir eile, ach amháin sa chás go ndéanann an liathróid aisphreabadh de chuaille nó den trasnán. Má dhéanann sí amhlaidh, tabharfaidh an réiteoir cic saor don fhreasúra ón áit ar dearnadh an feall. Sa chás gur taobh istigh den líne 13m a tharla an feall, bronnfaidh an réiteoir cic saor ar an líne13m, amach ón áit ar tharla an feall.

14. Má déantar feall ar imreoir tar éis di an liathróid a imirt; (a) Tabharfar cic saor ón áit ar thuirling an liathróid. (b) Sa chás gur aimsigh sí scór, ceadófar an scór sin.

(c) Sa chás go dtrasnaíonn an liathróid an líne cúil nó má thuirlingíonn sí taobh istigh den líne 13m, bronnfar cic saor ón líne 13m, amach ón áít ar thuirling an liathróid nó ar thasnaigh sí an líne cúil.

(d) Sa chás go dtrasnaíonn an liathróid an taobhlíne, Bronnfar cic saor ón áit ar thasnaigh sí an líne.thrasnaigh an liathróid an taobhlíne, is ón líne 13m a ghlacfar an cic saor.

15. Sa chás go ndéanann imreoir ón dá thaobh feall ag an am céanna, caithfidh an réiteoir an liathróid in airde idir imreoir as an dá thaobh. Ní foláir do na himreoirí eile ar fad a bheith ar a laghad 13m ar shiúl ón mbeirt sin.

16. Sa chás go bhfuil cic saor bronnta ag an réiteoir agus sula nglactar an cic sin go ndéanann duine de na himreoirí atá ar an bhfoireann ar bronnadh an cic uirthi feall í fhéin mar dhíoltas, déanfar cealú ar an gcic saor agus caithfidh an réiteoir an liathróid in airde idir imreoir as an dá thaobh san áit ar dearnadh an chéad fheall.

17. Má léiríonn imreoir easaontas le cinneadh an réiteora nuair a bhronntar cic saor ar an bhfeasúra, glacfar an cic saor ó áit a mbeidh buntáiste 13m ag baint leis, chomh fada leis an líne 13m. Más ar nó taobh istigh den líne 13m a tharlaíonn an chéad fheall, i ngar don taobhlíne, leagfaidh an réiteoir an liathróid síos ar an líne 13m, in áit a bheidh 13m níos gaire do lár an chúil.

CICEANNA PIONÓIS

1. Ba chóir cic pionóis a bhronnadh nuair:

(a) a dhéanann an chosaint aon fheall laistigh den

chomhthreomharán beag.

(b) a dhéanann an chosaint feall pearsanta ar ionsaitheoir laistigh den chomhthreormharán mór.

 

(c) a bhíonn a lámha ar an liathróid ag Ionsaitheoir laistigh den chomhthreomharán mór agus go dtarraingíonn céile comhraic cic ar an liathróid, bronnfaidh an réiteoir cic pionóis, fiú mura ndearna an bhróg teagmháil le lámh an imreora.

2. Nuair a thugann cosantóir ruathar mídhleathach faoi chic saor 13m díreach os comhair an chúil, bronnfar cic pionóis.

3. Is den talamh, i lár an líne 11m, caoldíreach amach ó lár an chúil, a ghlacfar ciceanna pionóis. Níl foláir go mbeadh gach imreoir eile, seachas an cúlbáire, taobh amuigh den líne 20m.

4. Is ceadaithe don chúlbaire bogadh ó thaobh go taobh ar líne an chúíl, ach ní ceadaithe di bogadh chun cinn go mbeidh an cic glactha.

5. Má bhogann an cúlbáire chun cinn sula nglactar an cic agus más ar fóraoil a théann an liathróid, má shábháileann sí an cic, nó má chuireann sí an liathróid dá treo agus thar an trasnán, ní foláir go nglacfaí an cic pionóis arís.

6. Is ag an imreoir atá ag caitheamh an gheansaí saintréitheach amháin atá cearta agus pribhléidí an chúlbáire.

COMHTHREOMHARÁN

1. Sa chás go mbíonn Ionsaitheoir laistigh den chomhthreomharan beag sula sroicheann an liathróid an láthair sin le linn na himeartha agus nach bhfuil an liathróid lasmuigh de shroicheadh gach imreoir, bronnfar cic saor amach as an gcomhthreomharán beag ar an bhFoireann Chosanta .

2. Sa chás go leanann Insaitheoir an liathróid isteach sa chomhthreomharán beag go dleathach agus go nglantar an liathróid amach as an limistéir sin, ach go dtagann an liathróid ar ais sula mbíonn deis ag an Ionsaitheoir an áit a fhágáil, measfar nach bhfuil sí ciontach as aon fheall, ar choinníoll nach n-imríonn sí an liathróid nó nach gcuireann sí isteach ar an gcosaint.

CIC AMACH

1. Tar éis don liathróid dul ar fóraoil is ceadaithe i ngach comórtas an chic amach a ghlacadh óna lámha nó den talamh ar an line 13m. Ní foláir do na himreoirí ar fad a bheith 13m ar a laghad ón liathróid nó go ndéantar í a chiceáil.

2. Ní foláir go mbeidh gach imreoir, ach amháin an ciceálaí agus an cúlbáire, lasmuigh den líne 20m nuair a bheidh an Cic Amach á ghlacadh.

3. Ní foláir go dtaistealóidh an liathróid 13m ar a laghad agus go dtrasnóidh an liathróid an Líne 20m sular ceadmhach d’imreoir eile í a imirt.

4. Sa chás go bhfuil imreoir eile ciontach as coir, bronnfar cic saor ar an bhfreasúra ar an líne 20m, ar aghaidh na háite ar tharla an feall.

5. Sa chás go bhfuil imreoir eile ciontach as coir, bronnfar cic saor ar an bhfreasúra ar an Líne 20m, amach go díreach ón áit ar tharla an feall.

6. Ní foláir an Cic Amach a ghlacadh ón líne 20m tar éis scóir.

7. Is ceadaithe don imreoir atá ag glacadh an Cic Amach an liathróid a imirt níos mó ná uair amháin sula n- imríonn imreoir eile í, ar choinníoll nach mbeireann sí ar an liathróid lena lámha.

RÉITEOIR

1. Ní foláir go mbeadh culaith imeartha nó culaith spórt á chaitheamh ag an réiteoir.

2. Ní mór don réiteoir iad seo a leanas a bheith ar iompar aige/aici : Feadóg, uaireadóir, bonn airgid, peann luaidh/ peann, leabhar nótaí,bioróir peann luaidhe, carta buí, cárta dearg.

3. Ní foláir don réiteoir:

(a) Páirc na himeartha a shroichint in am.

(b) A bheith iomlán eolach ar na rialacha a bhaineann le

Peil Ghaelach na mBan.

(c) A bheith oiriúnach, aclaí ó thaobh coirp agus aigne. (d) A bheith cóir agus misniúil.

(e) Na cinntí a chur in iúl go soiléir.

(f) Súil a chaitheamh go rialta ar mhaoir chúil agus ar mhaoir líne.

(g) A bheith ciallmhar.

an réiteoir:

(a) Cosaint a thabhairt do na himreoirí ar mian leo an cluiche a imirt de réir na rialacha agus pionós a ghearradh orthu siúd a sháraíonn iad.

(b) Liosta na bhfoirne a shíniú sula dtosaíonn an imirt agus cóip a thabhairt don fhreasúra. An coiste i gceannas a chur ar an eolas sa chás nach mbíonn liosta foirne ar fáil.

(c) A chinntiú go bhfuil an feisteas cóir ar na imreoirí agus tuairisciú ar sin.

(d) Síniú, seoladh iomlán agus club aon imreora a bhfuil a haimn ar an liosta oifigiúíl nó aon ionadaí a ghlacann páirt a fháil, má iarrann an captaen nó feidhmeannach foirne a leithéid.

(e) Scóranna a cheadú nó a chealú.

(f) A dhul i gcomhairle le maoir chúil agus le maoir líne nuair is gá agus ionadaí a fháil le cur ina n-áit siúd sa chás go n-éiríonn siad as sula gcríochnaíonn cluiche.

(g) Déileáil le daoine a thagann isteach ar pháirc na himeartha gan chead.

(h) Ainmneacha aon imreoirí nó aon fheidhmeannaigh a bheadh ag cur isteach ar chúrsaí le linn na himeartha a ghlacadh.

(i) chun imeartha agus a chuirfidh stop le cluiche cheal solais nó ar aon chúis eile.

(j) Ní ceadaithe do réiteoir dámhachtain a dhéanamh ar chluiche, ach is ceadaithe an scór deireanach a thabhairt, má iarrtar sin.

(K) D’fhéadfadh an réiteoir am breise a chur leis an gcluiche ar shon imreoirí ionaid a thabhairt isteach agus an imirt déanta, ba chóir don réiteoir tuairisc chuimsitheach a chur chun cinn chuig an gCoiste Eagair maidir le gach gné den chluiche.

5. Sa chás go ndiúltaíonn imreoir, imreoirí nó foireann leanacht ar aghaidh leis an gcluiche, ní foláir don réiteoir trí nóiméad nó mar sin a cheadú do chaptaen na foirne chun a theacht ar shocrú faoina bhfuil i gceist acu a dhéanamh.

6. Má tá an fhoireann fós ag diúltú imirt, ba chóir do aon imreoir atá sásta leanacht ar aghaidh leis an imirt a hainm a thabhairt don réiteoir.

7. Tuairisc a thabhairt ar ainm aon imreora a ghortaítear agus ar an gcineál gortaithe a bhain di.

8. Tabharfaidh an réiteoir aird faoi leith ar fheallanna pearsanta agus i gcás go dtarlaíonn imirt gharbh nó chontúirteach, tabharfaidh an réiteoir rabhadh don imreoir nó díbreofar den pháirc í, ag brath ar thromchúiseacht an chiona.

9. Beidh de chumhacht ag réiteoir rialú in aghaidh maoir líne nó maoir chúil.

10. Sa chás nach mbíonn foireann i láthair ag cluiche, ní foláir don réiteoir a chinntiú go bhfuil 11 imreoir ag an bhfoireann atá i láthair agus ní foláir Liosta Foirne a fháil.

11. Agus an imirt déanta, ba chóir don réiteoir tuairisc chuimsitheach a chur chun cinn chuig an gCoiste Eagair maidir le gach gné den chluiche.

MAOIR CHÚIL & MAOIR LÍNE

1. Ba chóir don réiteoir, do na maoir chúil agus do na maoir líne oibriú as lámha a chéile agus ba chóir go gcuirfí an réiteoir ar an eolas maidir le aon eachtraí nach bhfaca sé/sí. Tá de údarás ag na maoir chúil agus ag na maoir líne gníomh ceartaitheach a dhéanamh maidir le aon eachtra a thiteann amach agus rabhadh a thabhairt do aon imreoir atá ciontach as coireanna a dhéanamh nuair nach mbíonn an liathróid ina gaobhar.