Craobh TG4 i bPeil na mBan 2003 seolta ag An Taoiseach

Craobh TG4 i bPeil na mBan 2003 seolta ag An Taoiseach

Sheol an Taoiseach, Parthalán Ó hEachthairn TD, Craobh TG4
i bPeil na mBan 2003 ag ocáid i bPáirc an Chrócaigh inniu.
Is é TG4 urra agus beochraoltóir eisiach teilifíse na gCraobhacha
i bPeil Shinsear agus Shóisear na mBan le trí bliana anuas.
D’fhógair TG4 agus Cumann Peil Gael na mBan inniu freisin
go bhfuil síneadh trí bliana, suas go 2006, curtha leis an
socrú urraíochta agus cearta craolta sin.

Beochraolfar cluichí ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh,
sinsear agus sóisear, ar TG4 arís i mbliana, ar an Domhnach
5 Deireadh Fómhair. Beidh an dá chluiche seo á mbeochraoladh
ar an Idirlíon freisin den chéad uair ar shuíomh TG4 (www.tg4.ie).
Beochraolfar roinnt cluichí eile sa gcraobh shinsear freisin
i mbliana ar TG4 agus déanfaidh an cainéal clúdach cuimsitheach
ar na craobhacha cúige ar a chlár Máirte GAA 2003 ar feadh
an ts€€éasúir. (Tá sonraí an chlúdaigh ar leathanach eile
leis seo).

Ina chuid cainte dúirt an Taoiseach “go raibh peil na mban
ag dul ó neart go neart in Éirinn agus go raibh ag éirí léi
líon mór lucht leanúna a mhealladh”, “Is léir”, a deir an
Taoiseach “go bhfuil tóir uirthi mar gur fhreastail breis
is 33,000 duine ar an gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh
in 2002”. Thagair an Taoiseach freisin d’obair chrua agus
do dhúthracht na ndaoine sin ar fad a bhfuil baint acu le
gach spórt ag gach leibhéal agus mhol sé, ach go háirithe,
an chomhpháirtíocht idir Cumann Peil Gael na mBan agus TG4.

D’fháiltigh Ceannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir freisin roimh an
síneadh ama atá curtha leis an gcomhpháirtíocht idir Cumann
Peil Gael na mBan agus TG4. “Is comhchaidreamh a dhéanann
leas don dá thaobh í an chomhpháirtíocht le Cumann Peil Gael
na mBan agus táimid mórtasach aisti” a deir sé. “Rinne Peil
Gael na mBan bheo go maith do TG4 agus chuidigh go mór le
cur leis an tóir ar an gcainéal, cainéal a bhfuil sciar an
lucht féachana ardaithe faoi shé”, a dúirt sé.

Dúirt Geraldine Giles, Uachtarán Peil Gael na mBan nach raibh
scileanna imeartha na gcluichí ná suim an phobail i bPeil
na mBan riamh chomh hard agus go raibh gach cosúlacht ar an
scéal gur fearr fós a d’éireodh le Peil na mBan in 2003.

CRÍOCH

Breis eolais:
Rónán Ó Coisdealbha, Spórt TG4 091-505050 / 087 2472841 www.tg4.ie
sport@tg4.ie
Helen O’Rourke, Cumann Peil Gael na mBan 01-8363156 / 087
2585958 info@ladiesgaelic.ie
Fr Liam Kelleher, P.R.O. 021- 4886128 / 087 8516984

Is féidir breis eolais faoi Craobh TG4 i bPeil na mBan a fháil
ar www.ladiesgaelic.ie agus ar Aertel leathanach 248

Sign up to our email newsletter

sponsors

Partners & Supporters

PROVINCES

Counties

BRITAIN

INTERNATIONAL

See all LGFAClubs