Unfinished Business: High stakes in 2018 TG4 All-Ireland Ladies Football Finals

THE captains from the six competing counties in the 2018 TG4 All Ireland Ladies Football Championship Finals were present at Croke Park today ahead of next Sunday’s (16th of September) eagerly-anticipated LIVE TG4 triple-header.

 

Louth and Limerick will battle it out for the Junior title, Meath face Tyrone for the Intermediate crown and Champions Dublin tackle Cork for the Senior silverware at GAA HQ.

 

Dublin are aiming to retain the Brendan Martin Cup for the very first time in the county’s history, following previous successes in 2010 and 2017.

 

Standing in their way are 11-time champions Cork, who are back in the Senior Final for the first time since 2016. Cork and Dublin have met four times previously in Senior deciders, with the Leesiders emerging victorious on each occasion, including three successive Finals in 2014, 2015 and 2016.

 

Dublin captain, Sinéad Aherne, said: “We know the challenge we’re facing, there’s familiarity of course but equally every game stands on its own.

 

“ We know the level of performance required for us to put ourselves in the frame but we just see it as a great opportunity to deliver on all the effort the players and management have put in.”

 

Dublin claimed their very first Lidl National League Division 1 title in May before going on to land a seventh successive Leinster Senior title.

 

Mick Bohan’s team then achieved victories over Cavan, Mayo, Kerry and Galway to reach the September Final.  Ephie Fitzgerald’s Cork regained the Munster Senior crown before defeating Monaghan, Armagh, Westmeath and Donegal to book a return to Croke Park.

 

Cork captain, Ciara O’Sullivan, said: It’s been a good year for us. We developed some of the younger players in the Lidl League and while we were disappointed to lose the semi-final, we learned a lot from it. Winning the Munster championship was massive for us as a young team, and particularly having not even made the Munster final last year.”

 

Tyrone return to Croke Park seeking the Intermediate title which eluded them last year. Gerry Moane’s side lost out to Tipperary but have the chance to make amends when they face Meath.

 

It’s an historic day for the Royal County, who are appearing in their very first Final in the adult grade since winning the Junior crown back in 1994. It’s also a very first Intermediate Final for Meath, who are managed by Eamonn Murray.

 

The Junior Final is a repeat of 2010, as Limerick take on Louth. Eight years ago, Limerick emerged victorious but Louth have recent experience of contesting, and winning, the Junior title from 2015.

 

Marie Hickey, President of the Ladies Gaelic Football Association, was present at Croke Park to welcome the captains from the six participating counties.

 

She said: “The TG4 All-Ireland Finals at Croke Park are the pinnacle of our championship season – and these are three games to savour. Cork and Dublin is the renewal of an old rivalry in the Senior Final while Tyrone and Meath have provided some thrilling and entertaining football during their respective Intermediate campaigns. The Junior Final will bring back memories of 2010, when Limerick and Louth also competed for the West County Hotel Cup.

 

“The road to Croke Park has enthralled each and every one of us, with highs and lows along the way. We’ve had a great season of Championship action to date and the three Finals that lie in store will see our 2018 champions crowned. We are very fortunate that TG4 continue to be our championship partners and broadcast our game, not just nationally, but to a worldwide audience, free to air.”

 

All three games will be broadcast live on TG4 starting with the Junior Final which gets underway at 11.45am. The Intermediate Final throws in at 1.45pm while the Senior Final will have a 4.00pm start.

 

The All-Ireland Club Sevens, featuring 70 teams, take place in St Sylvester’s GAA Club Malahide and Naomh Mearnóg GAA Club, Portmarnock, on Saturday 15th of September. The LGFA is delighted to welcome teams from all over Ireland and Britain and, for the first time, an Asian team (Singapore Gaelic Lions) will compete.

On Saturday evening, from 9.30pm, Seó Beo Pheil na mBan le Lidl’ will air LIVE on TG4 from the Mansion House, Dublin.

With the support of the LGFA and Lidl, TG4 and Tyrone productions are producing a TV event to celebrate the All-Ireland Finals, featuring music, chat and a host of special guests.   

PATHS TO CROKE PARK

SENIOR TEAMS

CORK: Munster Semi-Final: Cork 2-12 Tipperary 1-10 Munster Final: Cork 5-13 Kerry 2-10; All-Ireland Qualifiers: Cork 7-7 Monaghan 1-9; Cork 1-19 Armagh 1-7 All-Ireland Quarter-Final: Cork 8-18 Westmeath 1-6 All-Ireland Semi-Final: Cork 2-11 Donegal 0-11

DUBLIN: Leinster Final: Dublin 5-11 Westmeath 2-8; All-Ireland Qualifiers: Dublin 5-17 Cavan 2-13; Dublin 3-11 Mayo 1-8; All-Ireland Quarter-Final: Dublin 3-19 Kerry 1-7; All-Ireland Semi-Final: Dublin 4-8 Galway 1-10

 

INTERMEDIATE TEAMS

MEATH: Leinster Quarter-Final: Meath 2-15 Wicklow 2-17; All-Ireland Qualifiers: Meath 11-24 Fermanagh 2-6; Meath 0-9 Roscommon 2-9; All-Ireland Quarter-Final: Meath 2-11 Clare 1-10 All-Ireland Semi-Final: Meath 3-18 Roscommon 2-5

TYRONE: Ulster Semi-Final: Tyrone 7-22 Down 0-5; Ulster Final; Tyrone 6-22 Down 1-7 All-Ireland Qualifiers: Tyrone 5-18 Wicklow 2-6; Tyrone 7-17 Offaly 1-10; All-Ireland Quarter-Final: Tyrone 1-15 Wexford 2-8; All-Ireland Semi-Final: Tyrone 3-14 Sligo 3-10

 

JUNIOR TEAMS

LIMERICK: All-Ireland Qualifiers: Limerick 0-7 Derry 0-8; Limerick 6-10 Carlow 1-3; All-Ireland Semi-Final: Limerick 3-15 London 1-14

LOUTH: Leinster Championship: Louth 5-31 Kilkenny 0-5; Leinster Final: Louth 3-9 Carlow 0-8 All-Ireland Qualifiers: Louth 3-17 Antrim 1-9; Louth 6-24 Kilkenny 1-6; Louth 1-17 London 2-11 All-Ireland Semi-Final: Louth 3-7 Derry 2-9

 

Ticket Information
Adults €25.00
Student/Senior Citizen/U16 – €10.00
Group Tickets – via the office only – 1 Adult & 10 Kids (U16) @ €5.00 each – €55.00

Family ticket: (2 adults €25 each + €5 per child)

Tickets available via the LGFA office, lgfa.tickets.ie and all GAA ticket outlets.

LGFA office: 01 8363156, info@lgfa.ie 

Tickets will also be on sale on Sunday at the GAA tickets offices located at Gills Corner (North Circular Road) and Dorset Street.

 

Rudaí le Socrú: Trí Chraobh le buachan i gCluichí Ceannais Pheil na mBan TG4 2018 

 

NA CAPTAEIN I bPÁIRC AN CHRÓCAIGH ROIMH LÁ MÓR NA gCLUICHÍ CEANNAIS  

 

Beidh sé chontae san iomaíocht i gCluichí Ceannais Chraobhchomórtais Uile-Éireann Pheil na mBan TG4 2018 Dé Domhnaigh (an 16 Meán Fómhair) agus na trí chluiche BEO ar TG4.  Bhí captaein na bhfoirne i láthair i bPáirc an Chrócaigh inniu.

 

Contae Lú agus Luimneach a bheidh san iomaíocht i gcluiche ceannais na Sóisear, beidh Contae na Mí á fhéachaint le Tír Eoghain don Chraobh Idirmheánach agus is iad Corcaigh a thabharfaidh dúshlán Átha Cliath, seaimpíní na bliana seo caite, i gcluiche ceannais na Sinsear.

 

Tá Áth Cliath ag féachaint le Corn Brendan Martin a bhuachan an dara bliain as a chéile den chéad uair riamh, rud nár éirigh leo a dhéanamh tar éis craobh na hÉireann a bhuachan sa bhliain 2010.

 

Corcaigh, a bhfuil an chraobh tugtha leo acu 11 uair ach nár éirigh leo an cluiche ceannais a bhaint amach anuraidh, atá fágtha le sárú ag Áth Cliath.  Bhí Corcaigh agus Áth Cliath in aghaidh a chéile i gceithre cinn de chluichí ceannais na sinsear roimhe seo agus ba le mná Chorcaí an lá gach uair, trí bliana as a chéile san áireamh idir an bhliain 2014 agus an bhliain 2016.

 

Dúirt Sinéad Aherne, captaen Átha Cliath: “Is maith a thuigtear dúinn an dúshlán atá le sárú againn, ach má tá tuiscint áirithe ar a bhfuil romhainn, ní fios go deo cad atá i ndán in aon chluiche faoi leith.

 

“ Tuigimid an leibhéal imeartha a theastaíonn ionas go mbeadh seans againn an cluiche a bhuachan agus is breá linn an deis iontach seo a bheith againn féachaint le dea-thoradh a fháil ar an dua agus an dícheall atá caite ag na himreoirí agus ag an lucht bainistíochta ag réiteach don chraobh agus don chluiche ceannais.”

 

Thug Áth Cliath Sraith Náisiúnta Lidl leo den chéad uair riamh i mí Bealtaine agus craobh Laighean den seachtú uair as a chéile ina dhiaidh sin.

 

Fuair foireann Mick Bohan an ceann is fearr ar an gCabhán, Maigh Eo, Ciarraí agus Gaillimh ó shin i leith le háit a fháil i gCluiche Ceannais an Domhnaigh.  Bhuaigh foireann Chorcaí, faoi bhainistíocht Ephie Fitzgerald, Craobh na Mumhan arís agus bhuail siad Muineachán, Ard Mhacha, Contae na hIarmhí agus Dún na nGall le deis a fháil ar an gcraobh a bhaint de sheaimpíní na bliana anuraidh i bPáirc an Chrócaigh.

Dúirt Ciara O’Sullivan, Captaen Chorcaí: Bhí bliain mhaith againn go dtí seo.  Tugadh roinnt imreoirí níos óige chun cinn i rith chluichí Shraith Lidl agus cé gurbh ábhar díomá dúinn an cluiche leathcheannais a chailliúint, tá ciall ceannaithe againn dá bharr.  Ba mhór an ní don fhoireann óg seo Craobh na Mumhan a thabhairt linn go háirithe nuair a chinn orainn áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na Mumhan anuraidh.”

 

Beidh Tír Eoghain ar ais i bPáirc an Chrócaigh ag féachaint leis an gCraobh Idirmheánach a thabhairt leo, rud a chinn orthu anuraidh nuair a bhí lámh in uachtar ag Tiobraid Árann ar fhoireann Gerry Moane.

 

Is iad Contae na Mí, faoi bhainistíocht Eamonn Murray, a bheidh le sárú acu.  Seo an chéad uair ag Contae na Mí a bheith i gcluiche ceannais i gcraobh daoine fásta ó bhuaigh siad craobh na Sóisear sa bhliain 1994.  Seo é an chéad uair riamh acu freisin a bheith i gcluiche ceannais idirmheánach.

 

Is iad na contaetha céanna a bhí i gcluiche ceannais na bliana 2010, Luimneach agus Contae Lú, a bheidh le chéile i gcluiche ceannais na Sóisear. Luimneach a rug an chraobh leo ocht mbliana ó shin ach is mó cleachtadh atá ag Contae Lú ar chluichí ceannais idir an dá linn agus rug siadsan craobh na Sóisear leo sa bhliain 2015.

 

Bhí Marie Hickey, Uachtarán Chumann Pheil Ghaelach na mBan, i láthair i bPáirc an Chrócaigh le fáilte a chur roimh chaptaein na gcontaetha éagsúla.

 

Dúirt sise: “Cluichí Ceannais TG4 i bPáirc an Chrócaigh an lá is tábhachtaí i séasúr chraobhchomórtais an Chumainn – agus tá trí chluiche romhainn a bhfuilim ag tnúth go mór leo. Seanchéilí iomaíochta Corcaigh agus Áth Cliath i gCluiche Ceannais na Sinsear, tá an-imirt déanta ag Tír Eoghain agus Contae na Mí ar an mbealach go dtí an Cluiche Ceannais Idirmheánach agus tarraingeoidh Cluiche Ceannais na Sóisear idir Luimneach agus Contae Lú cuimhne ar an mbliain 2010 nuair is iad na contaetha céanna a bhí san iomaíocht ag iarraidh Corn Óstán an West County a thabhairt leo.

 

“Bhíomar ar fad sáite sna cluichí iontacha a bhain leis na foirne seo a theacht chomh fada leis an lá mór i bPáirc an Chrócaigh, cluichí a d’fhág lúcháir ar na buaiteoirí agus ábhar díomá ag foirne sármhaithe eile.  Bhí séasúr an-mhaith imeartha againn go dtí seo sna Craobhchomórtais agus feicfimid Dé Domhnaigh cé na seaimpíní a thugann trí Chraobh na bliana 2018 leo.  Is mór againn TG4 a bheith ina bpáirtnéirí againn i gcónaí maidir leis na craobhchomórtais agus iad ag craoladh na gcluichí, ní amháin ar fud na tíre seo ach don lucht féachana idirnáisiúnta chomh maith, saor ó tháille.”

 

Beidh gach ceann de na cluichí á gcraoladh beo ar TG4 ag tosú le Cluiche Ceannais na Sóisear ag 11.45 r.n.  Ag 1.45 i.n. a thosóidh an Cluiche Ceannais Idirmheánach agus beidh an liathróid á caitheamh isteach do Chluiche Ceannais na Sinsear ag 4.00 i.n.

 

Beidh Comórtas Uile-Éireann d’fhoirne Clubanna Seachtar an Taobh, le 70 foireann san iomaíocht, ar siúl ag Cumann CLG San Sailbheastar, Mullach íde agus Cumann CLG Naomh Mearnóg, Port Mearnóg, Dé Sathairn, an 15 Meán Fómhair.   Is breá le LGFA fáilte a bheith á chur chuig an gcomórtas roimh fhoirne as gach ceann den tír seo agus as an mBreatain chomh maith le foireann ón Áise (Singapore Gaelic Lions) den chéad uair riamh.

 

Tráthnóna Dé Sathairn, ón 9.30 i.n. ar aghaidh, beidh Seó Beo Pheil na mBan le Lidl á chraoladh BEO ar TG4 as Teach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath.

Le cúnamh taca ó LGFA agus Lidl, tá mórócáid teilifíse, le ceol, caint agus cuid mhór aíonna speisialta, á léiriú ag TG4 agus Tyrone Productions chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chluichí Ceannais na hÉireann.  

AN BEALACH GO PÁIRC AN CHRÓCAIGH

NA SINSIR

CORCAIGH: Cluiche Leathcheannais Chúige Mumhan: Corcaigh 2-12 Tiobraid Árann 1-10 Cluiche Ceannais Chúige Mumhan: Corcaigh 5-13 Ciarraí 2-10; Babhtaí Cáilithe Chraobh na hÉireann: Corcaigh 7-7 Muineacháin 1-9; Corcaigh 1-19 Ard Mhacha 1-7 Cluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann: Corcaigh 8-18 An Iarmhí 1-6 Cluiche Leathcheannais na hÉireann: Corcaigh 2-11 Dún na nGall 0-11

ÁTH CLIATH: Cluiche Ceannais Chúige Laighean: Áth Cliath 5-11 An Iarmhí 2-8; Babhtaí Cáilithe Chraobh na hÉireann: Áth Cliath 5-17 An Cabhán 2-13; Áth Cliath 3-11 Maigh Eo 1-8; Cluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann: Áth Cliath 3-19 Ciarraí 1-7; Cluiche Leathcheannais na hÉireann: Áth Cliath 4-8 Gaillimh 1-10

 

IDIRMHEÁNACH

AN MHÍ: Cluiche Ceathrú Ceannais Chúige Laighean: An Mhí 2-15 Cill Mhantáin 2-17; Babhtaí Cáilithe Chraobh na hÉireann: An Mhí 11-24 Fear Manach 2-6; An Mhí 0-9 Ros Comáin 2-9; Cluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann: An Mhí 2-11 An Clár 1-10 Cluiche Leathcheannais na hÉireann: An Mhí 3-18 Ros Comáin 2-5

TÍR EOGHAIN: Cluiche Leathcheannais Chúige Uladh: Tír Eoghain 7-22 An Dún 0-5; Cluiche Ceannais Chúige Uladh; Tír Eoghain 6-22 An Dún 1-7 Babhtaí Cáilithe Chraobh na hÉireann: Tír Eoghain 5-18 Cill Mhantáin 2-6; Tír Eoghain 7-17 Uíbh Fhailí 1-10; Cluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann: Tír Eoghain 1-15 Loch Garman 2-8; Cluiche Leathcheannais na hÉireann: Tír Eoghain 3-14 Sligeach 3-10

 

NA SÓISIR

LUIMNEACH: Babhtaí Cáilithe Chraobh na hÉireann: Luimneach 0-7 Doire 0-8; Luimneach 6-10 Ceatharlach 1-3; Cluiche Leathcheannais na hÉireann: Luimneach 3-15 Londain 1-14

LÚ: Craobh Laighean: Lú 5-31 Cill Chainnigh 0-5; Cluiche Ceannais Chúige Laighean: Lú 3-9 Ceatharlach 0-8 Babhtaí Cáilithe Chraobh na hÉireann: Lú 3-17 Aontroim 1-9; Lú 6-24 Cill Chainnigh 1-6; Lú 1-17 Londain 2-11 Cluiche Leathcheannais na hÉireann: Lú 3-7 Doire 2-9

 

Ticéid
Duine Fásta €25.00
Dalta/Mac Léinn/Duine Aosta/U16 – €10.00
Grúpaí – ón oifig amháin – Aon duine fásta amháin & 10 leanbh (U16) @ €5.00 an leanbh – €55.00

Ticéad teaghlaigh: (Beirt fásta €25 an duine + €5 an leanbh)

Tá ticéid ar fáil trí oifig LGFA, lgfa.tickets.ie agus ó ionaid ticéid CLG.

Oifig LGFA: 01 8363156, info@lgfa.ie 

Beidh ticéid ar díol Dé Domhnaigh freisin ag oifigí ticéid CLG ag Coirnéal Gills (An Cuarbhóthar Thuaidh) agus ar Shráid Dorset.

Sign up to our email newsletter

sponsors

Partners & Supporters

PROVINCES

Counties

BRITAIN

INTERNATIONAL

See all LGFAClubs